< News Release > benefits of a bilingual education for children with special needs focus of Trinity public discussion
ga
< Preasráiteas > an tairbhe atá le hoideachas dátheangach do leanaí le riachtanais speisialta an t-ábhar cainte ag plé poiblí i gColáiste na Tríonóide
en
Academics and educational experts to share new research and perspectives on bilingual education
ga
Cuirfidh an lucht léinn agus saineolaithe ar chúrsaí oideachais saothar nua taighde agus ábhar machnaimh faoin oideachas dátheangach i láthair
en
Details : panel discussion , ' Bilingual education for children with speech , language and communication needs ' , 18.45-21.00 , Thursday , May 3 , 2018 , Synge lecture Theatre , Arts Building , Trinity College Dublin
ga
Sonraí : plé painéil faoin ábhar ' Bilingual education for children with speech , language and communication needs ' , 18.45-21.00 , Déardaoin , an 3 Bealtaine 2018 , Téatar Synge , foirgneamh na Ealaíon , Coláiste na Tríonóide , Baile Átha Cliath
en
Dublin , Tuesday , May 1st , 2018 — Children with special needs can benefit from a bilingual education , according to the organisers of a public discussion on bilingual education taking place in Trinity College Dublin on Thursday , May , 3 , 2018 at 18.45pm .
ga
Baile Átha Cliath , Dé Máirt , an 1 Bealtaine 2018 — d ' fhéadfadh buntáiste a bheith le hoideachas dátheangach do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu de réir mar a deir na daoine a bhfuil plé phoiblí ar an oideachas dátheangach á eagrú acu i gColáiste na Tríonóide , Baile Átha Cliath , Déardaoin , an 3 Bealtaine 2018 ag 18.45 i.n.
en
At the event academics and educational experts will share their perspectives and research on bilingual education for children with speech , language and communication difficulties with particular reference to Irish-medium and Gaeltacht education .
ga
Cuirfidh daoine den lucht léinn agus saineolaithe ar chúrsaí oideachais ábhar machnaimh agus torthaí a gcuid taighde i láthair maidir leis an oideachas dátheangach do leanaí a bhfuil deacrachtaí urlabhra , teanga agus cumarsáide acu i ndáil go háirithe le hoideachas trí Ghaeilge agus le hoideachas Gaeltachta .
en
The wider issue of bilingual education will also be discussed at the event organised by the Irish Research Network in Childhood Bilingualism and multilingualism in partnership with Gaeloideachas — the national representative organisation for Irish-medium schools at both primary and post-primary level , including the Gaeltacht .
ga
Déanfar plé níos ginearálta maidir leis an oideachas dátheangach freisin ag an ócáid atá á heagrú ag an Irish Research Network in Childhood Bilingualism and Multilingualism i gcomhar le Gaeloideachas — an eagraíocht ionadaíochta náisiúnta thar ceann scoileanna Gaeilge ar leibhéal na bunscolaíochta agus na hiarbhunscolaíochta araon , scoileanna Gaeltachta san áireamh .
en
More and more children in Ireland are growing up speaking two or more languages in the home or within the school environment , explains bilingualism expert Dr Francesca La Morgia , Assistant professor in Clinical speech and Language Studies in Trinity , who co-ordinates the Irish Research Network in Childhood Bilingualism and multilingualism .
ga
Tá méadú seasta ag teacht ar líon na leanaí in Éirinn atá ag fás aníos le dhá theanga nó níos mó ná sin sa teach nó taobh istigh de thimpeallacht na scoile , mar a mhíníonn an Dr Francesca La Morgia , Ollamh cúnta le staidéar cliniciúil ar Urlabhra agus teangacha i gColáiste na Tríonóide , an saineolaí ar chúrsaí dátheangachais atá i mbun comhordúcháin ar Irish Research Network in Childhood Bilingualism and Multilingualism .
en
" A growing body of research is showing that bilingual education is a beneficial system of education for children with varying special educational needs , including children with autism , dyslexia , dyspraxia and down Syndrome .
ga
" Is fairsinge agus is forleithne anois an saothar taighde atá ar fáil arb é is léir uaidh gur córas tairbheach oideachais an t-oideachas dátheangach do leanaí le riachtanais speisialta oideachais de chineálacha éagsúla , ina measc leanaí a bhfuil uathachas , disléicse , diospraicse nó Siondróm down acu .
en
Education through the medium of Irish in Ireland , and other forms of bilingual education , offers many advantages to children , including literacy and fluency in two languages ; greater confidence and sense of identity and cognitive and increased educational attainment .
ga
Is iomaí buntáiste a chuirtear ar fáil don leanbh le hoideachas trí mheán na Gaeilge in Éirinn , agus le hoideachas dátheangach de chineálacha eile , ina measc líofacht agus litearthacht i dhá theanga ; muinín agus mothú sainiúlachta níos tréine agus gnóthachtáil cognaíochta agus oideachais níos fearr .
en
These advantages are available to all children , including those with special educational needs . "
ga
Tá na buntáistí sin ar fáil do gach leanbh , leanaí le riachtanais speisialta oideachais san áireamh . "