Annual Report 2015 2
Tuarascáil Bhliantúil 2015 ( 1 )
This sample shows 100 sentences.
Annual Report 2015 2
Tuarascáil Bhliantúil 2015 ( 1 )
Department of the Taoiseach annual Report 2015 a Message from the Taoiseach
Roinn an Taoisigh Tuarascáil Bhliantúil 2015 Teachtaireacht ón Taoiseach
At the core of Government policy is the desire to build a strong economy so as to deliver a fair society .
Is é an fonn bonn daingean a chur faoi gheilleagar na tíre ionas go dtugtar pobal cóir cothrom i gcrích bun agus barr bheartas an Rialtais .
While economic recovery remains incomplete and fragile , Ireland was once again the fastest growing economy in the EU in 2015 .
Cé nach bhfuil an téarnamh eacnamaíochta tugtha chun críche agus nach bhfuil bonn daingean faoi , bhí geilleagar na hÉireann chun tosaigh ar thíortha uile an AE ó thaobh foráis arís sa bhliain 2015 .
Over 1,000 additional jobs were created per week and by December the unemployment rate was the lowest in seven years .
Cruthaíodh níos mó ná 1,000 post breise in aghaidh na seachtaine agus faoi mhí na Nollag , bhí an ráta dífhostaíochta ar an leibhéal is ísle le seacht mbliana .
Working in tandem with the successful Action Plan for Jobs , the launch of the new Regional Action Plans for Jobs will ensure that the economic recovery is felt in homes across the entire country and will capitalise on the strengths of each region .
Trína oibriú in éineacht leis an bPlean Gnímh maidir le Poist , a bhfuil rath air , cinnteofar leis an bPlean Gnímh Réigiúnach maidir le Poist go mbíonn an téarnamh eacnamaíochta le brath i dtithe ar fud na tíre ar fad agus go mbaintear an leas is fearr as na buanna a ghabhann le gach réigiún faoi leith .
Ireland has one of the most open economies in the world .
Tá córas geilleagair na hÉireann ar cheann de na cinn is oscailte ar domhan .
The Department played a central role during 2015 in ensuring Ireland 's interests were effectively represented within the European Union , in further strengthening Ireland 's international reputation , and in promoting trade and investment links across the world .
Bhí ról lárnach ag an Roinn i rith na bliana 2015 i gcinntiú go raibh leas na hÉireann á chur chun tosaigh go héifeachtúil taobh istigh den Aontas Eorpach , ag cur arís le clú na hÉireann go hidirnáisiúnta agus ag cothú an chaidrimh maidir le gnóthaí trádála agus infheistíochta ar fud an domhain .
Preparations also began in relation to the emerging risk posed to Ireland by the possibility of changes to the relationship between the United Kingdom and the EU .
Cuireadh tús chomh maith le hobair ullmhúcháin i ndáil leis an ábhar baoil d ' Éirinn a bhainfeadh le hathrú ar an gcaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach , dá dtiocfadh a leithéid chun cinn .
Recognising the enormous housing and homelessness challenge facing Ireland , an integrated housing package was agreed in November aimed at stimulating new housing construction and reforms in the private rental sector .
Le haird ar na deacrachtaí ollmhóra maidir le cúrsaí tithíochta agus daoine gan dídean in Éirinn , aontaíodh pacáiste uilechuimsitheach tithíochta i mí na Samhna d ' fhonn obair thógála ar thithe nua agus athruithe in earnáil na n-áras príobháideach ar cíos a spreagadh .