New President of Education and Training Boards Ireland ( ETBI )
Uachtarán nua ar Bhoird Oideachais agus Oiliúna , Éire ( BOOÉ )
This sample shows 5 sentences.
New President of Education and Training Boards Ireland ( ETBI )
Uachtarán nua ar Bhoird Oideachais agus Oiliúna , Éire ( BOOÉ )
Kerry Education and Training Board ( Kerry ETB ) is delighted with the appointment of Cllr Jim Finucane , Chairman of the Kerry ETB Board , as the new President of Education & Training Boards Ireland ( ETBI ) from September 21st , 2017 .
Colm McEvoy , Chief Executive Officer of Kerry ETB said " this is an excellent appointment for Kerry ETB and for the ETBI as Cllr .
Finucane brings a wealth of experience to the role having served as Chairman of Kerry ETB Board and , prior to that , Kerry Education Services for many years .
ETBs are at a critical point in terms of their development and expansion and I have no doubt that Jim will prove to be an excellent President and advance local and national priorities for ETBs during his tenure and we wish him every success " .
Tá an-áthas ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ( BOO Chiarraí ) go bhfuil an Comhairleoir Jim Finucane , Cathaoirleach Bhord Bainistíochta BOO Chiarraí , ceaptha mar Uachtarán ar Bhoird Oideachais agus Oiliúna , Éire ( BOOÉ ) ón 21 Meán Fómhair , 2017 .
Mhaígh Colm McEvoy , Príomhoifigeach Feidhmiúcháin BOO Chiarraí " is iontach an ceapachán é seo do BOO Chiarraí agus do BOOÉ mar go bhfuil taithí iontach ag an gComhairleoir Finucane tar éis dó a bheith mar Chathaoirleach ar an mBord i mBOO Chiarraí agus i Seirbhísí Oideachais Chiarraí roimhe sin , ar feadh blianta fada .
Tá na Boird Oideachais agus Oiliúna ag pointe criticiúil ó thaobh fáis agus forbartha de agus níl aon dabht agam ná go mbeidh Jim ina Uachtarán den scoth agus go dtacóidh sé le tosaíochtaí na mBord Oideachais go haitiúil agus go náisiúnta le linn a thréimhse .
Guímid gach rath air " .
The ETBI is the representative body for Ireland 's 16 Education and Training Boards ( ETBs ) .
Is é BOOÉ an comhlacht a dhéanann ionadaíocht ar an 16 Bord Oideachais agus Oiliúna sa tír ( BOOanna ) .
ETBs operate 278 second level schools , 16 training centres , Post Leaving Certificate ( plc ) colleges and over 500 education centres .
ETBs are trustees of 92 Community colleges and also manage a growing number of multi-denominational primary level Community National Schools ( CNS ) .
ETBs are involved in Youthreach programmes , Music , Youth Work , back to Education initiatives , Vocational Training Opportunities ( VTOS ) schemes , workplace learning programmes , outdoor education and training , adult and community education and other educational programmes .
There are ETB-run centres , schools or colleges in every corner of Ireland .
Faoi chúram na mBord Oideachais agus Oiliúna tá ; 278 iarbhunscoil , 16 ionad Traenála , coláistí Iar-Ardteistiméireachta agus os cionn 500 ionad oideachais .
Is iontaobhaithe iad na BOOanna ar 92 Coláiste Pobail agus déanann siad bainistiú ar Phobalscoileanna Náisiúnta - Scoileanna ilchreidmheacha a bhfuil níos mó acu á gcur ar an bhfód le déanaí .
Tá na Boird Oideachais agus Oiliúna bainteach le cláir Ógtheagmhála , Ceoil , Obair Óige , tograí filleadh ar an Oideachas , scéimeanna Deiseanna gairmoideachais ( VTOS ) , cláir foghlama sa láthair oibre , oideachas agus oiliúint allamuigh , aosoideachas , oideachas pobail agus cláir eile oideachais .
Tá ionaid , scoileanna agus coláistí de chuid BOO le fáil i ngach cúinne den tír .
Cllr Finucane has represented Kerry ETB on the Board of ETBI since it was established in 2013 .
He has a keen interest in Education and Training , having worked full-time as a School Attendance Officer and as a Voluntary Youth Worker in Dublin 's North inner City in the seventies .
Cllr Finucane was first elected to Tralee Urban Council in 1985 and has held his position on the Urban Council for fourteen years , with three terms as Chairman and more recently , a term as Mayor of Tralee .
He is the current elected representative for the Tralee Municipal Area on Kerry County Council .
Cllr Finucane states , " I am honoured to have been elected President at this very important juncture in the history of the ETBI .
While the current range of educational services delivered by ETBs across Ireland is already comprehensive , including primary level , second level and further education , as well as a wide range of adult and community services , ETBI will be working closely with our member ETBs to lead the expansion of their provision of apprenticeships and traineeships at further education level , and of Community National Schools ( CNS ) at primary level .
I hope that my long experience of involvement with education and training will be advantageous in bringing that agenda forward . "
Tá an Comhairleoir Finucane ar Bhord an BOOÉ ó bunaíodh é in 2013 mar ionadaí ar BOO Chiarraí .
Tá an-spéis aige san Oideachas agus san Oiliúint agus tréimhse tugtha aige ag obair go lánaimseartha mar Oifigeach Tinreamh Scoile agus mar oibrí deonach don Aos Óg i lárchathair Thuaisceart Bhaile Átha Cliath sna seachtóidí .
Toghadh an Comhairleoir Finucane don chéad uair ar Chomhairle Uirbeach Thrá Lí in 1985 agus tá áit aige ar an gComhairle Uirbeach le ceithre bliana déag .
Tá trí théarma curtha isteach aige mar Chathaoirleach agus le déanaí , téarma amháin mar Mhéara Thrá Lí .
Is é Jim an t-ionadaí tofa ar Cheantar Uirbeach Thrá Lí i gComhairle Contae Chiarraí .
Mhaígh Cllr Finucane , " Is mór an onóir dom a bheith tofa mar Uachtarán ag an staid thábhachtach seo i stair BOOÉ .
Is cinnte go bhfuil réimse an-leathan de sheirbhísí oideachais á soláthar ag na BOOanna ar fud na hÉireann .
Ina measc , tá bunscolaíocht , iarbhunscolaíocht , breisoideachas chomh maith le réimse leathan seirbhísí do dhaoine fásta agus seirbhísí pobail .
Mar sin féin , beidh BOOÉ ag obair go dlúth leis na BOOanna ar fad chun leathnú a dhéanamh ar an soláthar printíseachtaí agus cúrsaí oiliúna ag leibhéal an bhreisoideachais agus ansin na Pobalscoileanna Náisiúnta ag leibhéal na bunscolaíochta .
Táim ag súil go gcabhróidh an taithí atá agam i réimse an oideachais agus oiliúna na pleananna sin a thabhairt céim eile ar aghaidh . "