# en/archive.xml.gz
# ga/archive.xml.gz


(src)="1"> ANNUAL REPORT
(trg)="1"> TUARASCÁIL BHLIANTÚIL

(src)="2"> To the Minister for Arts , Heritage and the Gaeltacht :
(trg)="2"> Don Aire Ealaíon , Oidhreachta agus Gaeltachta :

(src)="3"> MISSION STATEMENT
(trg)="3"> An Coimisinéir Teanga

(src)="4"> To ensure fairness for all by dealing in an efficient , professional and impartial manner with complaints regarding difficulties in accessing public services through the medium of Irish .
(trg)="4"> Cothrom na Féinne a chinntiú do chách trí ghearáin maidir le deacrachtaí teacht ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge a láimhseáil ar bhealach atá éifeachtach , gairmiúil agus neamhchlaon .

(src)="5"> To provide clear and accurate information :
(trg)="5"> Eolas soiléir , cruinn a chur ar fáil :

(src)="6"> · to the public in relation to language rights , and
(trg)="6"> · don phobal maidir le cearta teanga , agus

(src)="7"> CONTENTS
(trg)="7"> Réamhrá

(src)="8"> Background
(trg)="8"> Cúlra

(src)="9"> It has been an enjoyable and beneficial year in many ways .
(trg)="9"> Bliain thaitneamhach agus thairbheach a bhí inti ar go leor bealaí .

(src)="10"> It has also been an extremely busy year .
(trg)="10"> Bliain thar a bheith gnóthach freisin .

(src)="11"> I ’ d first like to thank my predecessor , Seán Ó Cuirreáin , for leaving me as his legacy such an effective Office and one which commands the respect of Irish speakers .
(trg)="11"> Ba mhaith liom ar an gcéad dul síos mo bhuíochas a chur in iúl do mo réamhtheachtaí , Seán Ó Cuirreáin , as Oifig chomh héifeachtach agus Oifig a bhfuil meas ag lucht labhartha na Gaeilge uirthi a fhágáil agam mar oidhreacht .

(src)="12"> It ’ s easy to identify that there is a far more healthy awareness of language rights now , not only amongst the public but also amongst state agencies , as a result of the work of this Office over the past ten years .
(trg)="12"> Is furasta a aithint go bhfuil an fheasacht atá ar chúrsaí cearta teanga in áit i bhfad níos folláine anois , ní amháin i measc an ghnáthphobail ach freisin i measc eagraíochtaí stáit , de thoradh obair na hOifige le deich mbliana anuas .

(src)="13"> In my period ahead as An Coimisinéir Teanga it is my objective to copperfasten what has been achieved to date and to protect and develop the respect that this Office deserves .
(trg)="13"> Sa tréimhse atá amach romhamsa mar Choimisinéir Teanga tá sé mar chuspóir agam treisiú ar an méid a baineadh amach roimhe seo agus an meas atá tuillte ag an Oifig a chosaint agus a fhorbairt .

(src)="14"> The main duty bestowed upon me by the Houses of the Oireachtas is to utilise all powers under my jurisdiction to ensure that public bodies comply with their obligations under the Official Languages Act .
(trg)="14"> Is é an príomhchúram atá leagtha ag Tithe an Oireachtais ormsa mar Choimisinéir Teanga ná gach beart atá faoi dhlínse mo chumhachta a chur i gcrích chun a chinntiú go gcloíonn comhlachtaí poiblí leis na dualgais atá leagtha orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla .

(src)="15"> I intend to continue doing that without fear or favour .
(trg)="15"> Tá sé i gceist agam leanúint den mhéid sin a dhéanamh gan scáth , gan leithscéal .

(src)="16"> I also intend to draw attention to the weaknesses , as I see them , pertaining to the statutory protection offered to the language rights of citizens .
(trg)="16"> Tá sé i gceist agam freisin aird a tharraingt ar na laigí , mar a fheictear dom iad , a bhaineann leis an gcosaint reachtúil a thugtar do chearta teanga an tsaoránaigh .

(src)="17"> These language rights , and my ability to protect them , depend on the legislation enacted by the Houses of the Oireachtas .
(trg)="17"> Tá na cearta teanga sin , agus mo chumas iad a chosaint , ag brath ar an reachtaíocht atá daingnithe ag Tithe an Oireachtais .

(src)="18"> There is a historic opportunity now to learn from the lessons of the past 10 years regarding the implementation of the Act and to establish a legislative framework which supports the basic language rights of citizens in a more effective way .
(trg)="18"> Tá deis stairiúil ann anois foghlaim ó na ceachtanna tar éis 10 mbliana d ’ fheidhmiú an Achta agus creat reachtaíochta a chur i bhfeidhm a thacóidh ar bhealach níos éifeachtaí le bunchearta teanga an tsaoránaigh .

(src)="19"> This is a theme I will return to in this Report .
(trg)="19"> Is ábhar é seo a bhfillfidh mé air sa Tuarascáil seo .

(src)="20"> A Government decision was taken in April not to proceed with the plan to merge this Office with the Office of the Ombudsman .
(trg)="20"> Rinneadh cinneadh Rialtais i mí an Aibreáin gan dul ar aghaidh leis an bplean a bhí ann an Oifig seo a chónascadh le hOifig an Ombudsman .

(src)="21"> I described the decision at the time as a sensible and practical one and I believe that the independence of the Office is strengthened as a result .
(trg)="21"> Cinneadh ciallmhar agus praiticiúil a thug mé air sin ag an am agus sílim go bhfuil neamhspleáchas na hOifige neartaithe dá bharr .

(src)="22"> Also , a new staff structure was approved for the Office this year ; as part of that an Office Director , at Principal Officer level in the Civil Service , was appointed for the first time in over two years .
(trg)="22"> Ina theannta sin , ceadaíodh struchtúr nua foirne don Oifig ; mar chuid de sin ceapadh Stiúrthóir Oifige ag leibhéal Príomhoifigigh sa Státseirbhís den chéad uair le os cionn dhá bhliain .

(src)="23"> Also , the budget for the Office was increased by over € 100,000 for 2015 to support the new staffing structure .
(trg)="23"> Chomh maith leis sin , tháinig ardú os cionn € 100,000 ar bhuiséad na hOifige don bhliain 2015 chun tacú leis an athrú struchtúir sin .

(src)="24"> I welcome the progress made to date and the support of the Department of Arts , Heritage & the Gaeltacht .
(trg)="24"> Fáiltím roimh an dul chun cinn seo agus tacaíocht na Roinne Ealaíon , Oidhreachta agus Gaeltachta .

(src)="25"> In April of this year the Review of the Official Languages Act was published , including the main provisions of the Official Languages ( Amendment ) Bill 2014 .
(trg)="25"> I mí an Aibreáin i mbliana foilsíodh Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla , príomhfhorálacha Bhille na dTeangacha Oifigiúla ( Leasú ) , 2014 san áireamh .

(src)="26"> On any reading there are substantial gaps between those provisions and a commentary on the practical implementation and the workings of the provisions of the Act previously published by this Office .
(trg)="26"> Ar aon léamh tá bearnaí suntasacha idir na forálacha sin agus an tráchtaireacht a d ’ fhoilsigh m ’ Oifig ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta roimhe seo .

(src)="27"> The weaknesses identified regarding the language rights of citizens are still noticeable .
(trg)="27"> Tá na laigí atá aitheanta maidir le cearta teanga an tsaoránaigh fós le brath .

(src)="28"> I have no objection to a review of the Act .
(trg)="28"> Níl aon chur ina choinne agamsa go ndéanfaí athbhreithniú ar an Acht .

(src)="29"> Indeed I welcome it for a piece of legislation that was new for its time and that has been with us now for over ten years .
(trg)="29"> Go deimhin , cuirim fáilte roimh a leithéid i gcás píosa reachtaíochta a bhí úrnua ag an am agus atá againn le os cionn deich mbliana anois .

(src)="30"> It is my opinion , however , that the heads of Bill are incomplete and don ’ t tackle the difficulties identified .
(trg)="30"> Is é mo bharúil , áfach , go bhfuil ceannteidil an Bhille úir easnamhach agus nach dtéann siad i ngleic mar ba chóir leis na deacrachtaí atá aitheanta .

(src)="31"> Those areas of the Act that work well should be developed , those that aren ’ t effective should be amended and shortcomings that have been there from the beginning should be dealt with .
(trg)="31"> Ba chóir go bhforbrófaí tuilleadh na codanna sin den Acht a fheidhmíonn go maith , go leasófaí na réimsí sin nach bhfuil éifeachtach agus go ndéileálfaí leis na heasnaimh a bhí ann ón tús .

(src)="32"> Language schemes are at the heart of the legislation , the primary means by which obligations are placed on public bodies under the Act outside of the direct provisions .
(trg)="32"> Is iad na scéimeanna teanga croílár na reachtaíochta , an príomhbhealach a leagtar dualgais ar chomhlachtaí poiblí faoin Acht lasmuigh de na forálacha díreacha .

(src)="33"> I recognise that the Department of Arts , Heritage & the Gaeltacht has made a substantial effort to renew the system of language schemes over the past year .
(trg)="33"> Aithním go bhfuil iarracht mhór déanta ag an Roinn Ealaíon , Oidhreachta agus Gaeltachta le hathnuachan a dhéanamh ar chóras na scéimeanna teanga le bliain anuas .

(src)="34"> Despite all the effort , and the increase in the number of language schemes confirmed by the Minister for Arts , Heritage & the Gaeltacht in the current year , I am very dubious about the effectiveness of this system .
(trg)="34"> In ainneoin na n-iarrachtaí ar fad agus an ardaithe atá tagtha ar líon na scéimeanna teanga a dhaingnigh an tAire Ealaíon , Oidhreachta agus Gaeltachta sa bhliain reatha , táim go mór in amhras faoi éifeacht an chórais seo .

(src)="35"> I believe that there is a fundamental flaw in the language scheme system which means that it depends to a large degree on what the public body is offering at a particular point in time rather than working towards recognised standards of services through Irish .
(trg)="35"> Táim den bharúil go bhfuil locht bunúsach i gcóras na scéimeanna teanga a fhágann go mbítear ag brath cuid mhaith ar an méid a bhíonn á thairiscint ag comhlachtaí poiblí de thuras na huaire seachas a bheith ag oibriú i dtreo caighdeáin aitheanta seirbhíse trí Ghaeilge .

(src)="36"> This flaw can be identified in language schemes that were agreed in 2014 .
(trg)="36"> Tá raon na laige seo le brath i scéimeanna teanga a aontaíodh le linn na bliana 2014 .

(src)="37"> One Government Department , for example , promises to publish 25 % of its press releases in Irish , but it could be up to 24 hours after the English version has been issued .
(trg)="37"> I gcás Roinn Rialtais amháin , mar shampla , gealltar go n-eiseofar 25 % dá gcuid preasráiteas i nGaeilge , ach d ’ fhéadfadh gur tar éis ceithre huaire fichead i ndiaidh don leagan Béarla a bheith eisithe a chuirfí an leagan Gaeilge ar fáil .

(src)="38"> In another language scheme a public body identifies its website as one of its primary means of communication .
(trg)="38"> I scéim teanga eile dearbhaíonn comhlacht poiblí go bhfuil an suíomh gréasáin ar cheann de na príomh-mhodhanna cumarsáide atá in úsáid ag an gcomhlacht .

(src)="39"> However , in its language scheme the public body only commits to publishing corporate documents in Irish on its website , documents which must be published in both official languages in any event .
(trg)="39"> Ó thaobh na Gaeilge de , áfach , níl geallta ag an gcomhlacht poiblí ina scéim teanga ach go bhfoilseofar doiciméid chorparáideacha i nGaeilge ar an suíomh – doiciméid nach mór a fhoilsiú sa dá theanga oifigiúla ar aon bhealach .

(src)="40"> I am firmly of the view that the system of language schemes must be fundamentally altered .
(trg)="40"> Creidim go láidir go dteastaíonn córas na scéimeanna teanga a athrú ó bhonn .

(src)="41"> I strongly believe that a new approach is needed that would enhance the range of services covered by regulations and thus lessen the effect of language schemes .
(trg)="41"> Molaim go dtabharfaí faoi chur chuige nua a leathnódh an réimse seirbhísí atá clúdaithe ag rialacháin agus dá réir go laghdófaí réimse feidhme na scéimeanna teanga .

(src)="42"> This could be done especially in the case of services that aren ’ t primarily dependent on human resources , like websites , online services , application forms and so on .
(trg)="42"> D ’ fhéadfaí é seo a dhéanamh go háirithe i gcás seirbhísí nach bhfuil ag brath chomh mór ar acmhainní daonna , leithéid suíomhanna gréasáin , seirbhísí ar líne , foirmeacha iarratais agus a leithéid .

(src)="43"> By categorising public bodies , depending on their interaction with the public , a system could be developed that would require public bodies to provide a range of services as a right rather than agreeing individual language schemes .
(trg)="43"> Trí rangú a bheith déanta ar chomhlachtaí poiblí , ag brath ar a dteagmháil leis an bpobal , d ’ éascófaí córas ina leagfaí dualgas ar chomhlachtaí poiblí réimsí seirbhísí a chur ar fáil mar cheart seachas a bheith ag aontú scéimeanna teanga ina gceann is ina gceann .

(src)="44"> It is my experience and the experience of this Office that this is the most effective way to address the language rights of citizens .
(trg)="44"> An taithí atá agamsa agus ag m ’ Oifig ná gurb é seo an bealach is éifeachtaí le freastal ar chearta teanga an tsaoránaigh .

(src)="45"> A direct provision should also be inserted in the Act that would ensure that State employees working in the Gaeltacht , or providing services in those areas , be fluent in Irish .
(trg)="45"> Ba chóir freisin foráil dhíreach a bheith déanta san Acht a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag fostaithe an Stáit atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó ag cur seirbhísí ar fáil sna ceantair sin .

(src)="46"> I was also extremely disappointed by the lack of posts identified by Government Departments with an Irish language requirement .
(trg)="46"> Chuir sé an-díoma orm chomh maith a laghad post lena mbaineann riachtanas Gaeilge a aithníodh taobh istigh de Ranna Rialtais .

(src)="47"> More often than not people have difficulties obtaining services through Irish and they have little choice in practice but to switch to English to avail of the service they need .
(trg)="47"> Is minice ná a mhalairt a bhíonn deacrachtaí ag daoine teacht ar sheirbhísí trí Ghaeilge agus is beag rogha a bhíonn acu go praiticiúil ach tiontú ar an mBéarla más mian leo na seirbhísí sin a fháil .

(src)="48"> This doesn ’ t amount to a lack of demand but to a lack of choice .
(trg)="48"> Ní bhaineann sé sin le heaspa éilimh , baineann sé le heaspa rogha .

(src)="49"> If we want additional services through Irish to be made available from our state sector then it must be ensured that there are sufficient staff with competence in Irish to achieve that .
(trg)="49"> Má theastaíonn uainn go mbeadh níos mó seirbhísí ar fáil i nGaeilge ón státchóras caithfear a chinntiú go bhfuil dóthain foirne le Gaeilge ann chun an méid sin a dhéanamh .

(src)="50"> I believe that Government Departments should show leadership in this regard and should be farsighted in their approach .
(trg)="50"> Feictear dom gur chóir do Ranna Rialtais a bheith ag taispeáint ceannaireachta ar an ábhar seo agus a bheith fadradharcach ina gcur chuige .

(src)="51"> Unfortunately , that isn ’ t to be sensed at the moment .
(trg)="51"> Faraor , níl sé sin le feiceáil faoi láthair .

(src)="52"> State bodies should be able to offer services through Irish in a proactive manner instead of constantly stating that there is little demand for services through Irish when we are aware that those services aren ’ t available without a great degree of effort .
(trg)="52"> Ba cheart go mbeadh eagraíochtaí stáit in ann seirbhísí trí Ghaeilge a thairiscint go réamhghníomhach seachas a bheith de shíor ag tabhairt le fios gur beag éileamh a bhíonn ar sheirbhísí nuair is eol dúinn go maith nach bhfuil na seirbhísí sin ar fáil gan mórchuid dua .

(src)="53"> Put simply , without sufficient staff with competence in Irish it won ’ t be possible to provide the services that are required .
(trg)="53"> Go simplí , gan dóthain foirne le Gaeilge ní bheifear in ann na seirbhísí a bhíonn ag teastáil a chur ar fáil .

(src)="54"> This case was heard in the High Court in November 2014 .
(trg)="54"> Éisteadh an cás san Ard-Chúirt i mí na Samhna , 2014 .

(src)="55"> As background to the case , an investigation conducted in 2013 found that the Office of the Revenue Commissioners failed to comply with the statutory language duties set out in subsections 9 ( 1 ) and 9 ( 3 ) of the Official Languages Act 2003 in the following instances :
(trg)="55"> Mar chúlra ar an gcás , léirigh imscrúdú a rinneadh le linn na bliana 2013 gur sháraigh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim na dualgais reachtúla teanga atá daingnithe i bhfo-ailt 9 ( 1 ) agus 9 ( 3 ) d ’ Acht na dTeangacha Oifigiúla , 2003 :

(src)="56"> · when information was issued in writing , in the form of an information booklet with regard to the Local Property Tax ( LPT ) , and that communication with the public in general or with a class of the public in general was not in Irish or bilingual ( in Irish and English ) ;
(trg)="56"> · i gcásanna inar eisíodh faisnéis i scríbhinn , i bhfoirm leabhrán eolais , i dtaca leis an gCáin Mhaoine Áitiúil ( CMÁ ) agus nach raibh an chumarsáid sin leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne i nGaeilge nó dátheangach ( i mBéarla agus i nGaeilge ) ;

(src)="57"> · when letters in English only were issued to a class of the public in general with regard to the LPT ;
(trg)="57"> · i gcásanna inar eisíodh litreacha chuig aicme den phobal i gcoitinne i dtaca leis an CMÁ agus gur i mBéarla amháin a eisíodh na litreacha sin ;

(src)="58"> · when headings of stationery were in English only on letters sent by the Revenue Commissioners .
(trg)="58"> · i gcásanna gur i mBéarla amháin a bhí na ceannteidil stáiseanóireachta ar litreacha arna seoladh amach ag na Coimisinéirí Ioncaim .

(src)="59"> The Office of the Revenue Commissioners maintained that the booklet did not come under the terms of subsection 9 ( 3 ) of the Act because it was an adjunct to , or supplementary to , a letter and a LPT form sent to individually named people and containing specific personal information about the LPT obligations of these individuals .
(trg)="59"> Ba é seasamh Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim nár eisíodh an leabhrán mar chumarsáid laistigh de théarmaí fho-alt 9 ( 3 ) den Acht , mar go raibh sé tánaisteach don litir agus don tuairisceán CMÁ a eisíodh chuig daoine aonair ainmnithe ina raibh faisnéis phearsanta shonrach maidir le dualgais CMÁ an duine aonair .

(src)="60"> The Office of the Revenue Commissioners said that the envelope and all it contained should be seen as a single entity and as confidential correspondence with an individual taxpayer , in other words , as a private matter for the taxpayer in question and not as communication with the general public .
(trg)="60"> Dúirt na Coimisinéirí Ioncaim gur cheart breathnú ar an gclúdach litreach agus a raibh istigh ann ina iomláine mar chomhfhreagras faoi rún le cáiníocóirí aonair ; i bhfocail eile , gur ghnó príobháideach é nár bhain ach leis na cáiníocóirí a bhí i gceist agus nár chumarsáid é le haicme den phobal i gcoitinne .

(src)="61"> The investigation found that exactly the same information was being distributed to almost 1.7 million people throughout the State in this booklet ; these were people who had a common bond , as property owners , who should receive certain information in relation to the LPT .
(trg)="61"> Chonacthas don imscrúdú gurbh é an bhunfhaisnéis chéanna a bhí á dáileadh ar bheagnach 1.7 milliún duine ar fud an Stáit sa leabhrán faisnéise seo ; ba dhaoine iad a raibh ceangal comónta eatarthu mar shealbhóirí maoine – daoine ar cheart faisnéis ar leith faoin gCáin Mhaoine Áitiúil a sheoladh chucu .

(src)="62"> The investigation was in no doubt that these property owners constituted “ a class of the general public ” under the usual terms of legal interpretation .
(trg)="62"> Ní raibh aon amhras ar an imscrúdú ach gurbh “ aicme den phobal i gcoitinne ” iad na sealbhóirí maoine seo faoi réir na ngnáthchleachtas i dtaca le forléiriú reachtúil .

(src)="63"> In a judgement made in the High Court in February 2015 the appeal by the Office of the Revenue Commissioners against the findings of the investigation was rejected .
(trg)="63"> I mbreithiúnas a tugadh san Ard-Chúirt i mí Feabhra 2015 diúltaíodh d ’ achomharc Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i gcoinne chinneadh an imscrúdaithe .

(src)="64"> An Coimisinéir Teanga has conducted over one hundred investigations over the years and this was the first occasion the finding of an investigation by An Coimsinéir Teanga was challenged in the High Court .
(trg)="64"> Tá os cionn céad imscrúdú seolta ag an gCoimisinéir Teanga in imeacht na mblianta agus ba é seo an chéad uair a tugadh dúshlán Ard-Chúirte in aghaidh cinneadh imscrúdaithe a rinne an Coimisinéir .

(src)="65"> COMPLAINTS / INVESTIGATIONS
(trg)="65"> GEARÁIN / IMSCRÚDUITHE

(src)="66"> A substantial number of complaints were made to my Office last year relating to public bodies that don ’ t come under the legislation – 115 in total .
(trg)="66"> Rinneadh líon suntasach gearán le m ’ Oifig anuraidh a bhain le comhlachtaí poiblí nach bhfuil faoi scáth na reachtaíochta – 115 san iomlán .

(src)="67"> The vast majority of these related to public bodies that were established after the schedule relating to public bodies in the Official Languages Act was last updated in June 2006 .
(trg)="67"> Bhain a bhformhór mór le comhlachtaí poiblí a cuireadh ar bun ón uair a rinneadh an nuashonrú is déanaí ar sceideal na gcomhlachtaí poiblí in Acht na dTeangacha Oifigiúla siar i Meitheamh na bliana 2006 .

(src)="68"> As my Office couldn ’ t investigate these complaints , because the public bodies concerned didn ’ t come under the legislation , I can ’ t say if a breach of legislation had occurred , even if they did come under the Act .
(trg)="68"> Toisc nach raibh ar chumas m ’ Oifige na gearáin seo a fhiosrú , de bharr nár tháinig na comhlachtaí poiblí seo faoi scáth na reachtaíochta , ní féidir liom a rá an raibh sárú reachtúil i gceist in aon chás fiú dá mbeidís faoi scáth an Achta .

(src)="69"> But the number of complaints does show the difficulties created for citizens who wish to deal with the State system through Irish but can ’ t as the schedule of public bodies isn ’ t being updated regularly .
(trg)="69"> Ach léiríonn líon na ngearán na deacrachtaí atá cruthaithe do shaoránaigh na tíre ar mian leo plé leis an státchóras trí Ghaeilge ach nach féidir mar nach bhfuil uasdátú rialta á dhéanamh ar sceideal na gcomhlachtaí poiblí .

(src)="70"> My Office has recommended in the context of the review of the Official Languages Act that every newly-established public body would automatically come under the Act , as happens with other legislation .
(trg)="70"> Tá sé molta ag m ’ Oifig i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla go dtiocfadh gach comhlacht poiblí nuachruthaithe go huathoibríoch faoi scáth na reachtaíochta , mar a tharlaíonn i gcás reachtaíocht eile .

(src)="71"> I welcome that that recommendation is included in the heads of the amending Bill .
(trg)="71"> Tá sin curtha san áireamh i gceannteidil an Bhille leasaithe agus cuirim fáilte roimhe sin .

(src)="72"> 9.9 % of complaints related to the usage of the Irish version of a name and address with public bodies .
(trg)="72"> Bhain 9.9 % de na gearáin le húsáid an leagain Gaeilge d ’ ainm agus seoladh le comhlachtaí poiblí .

(src)="73"> There was a long-standing tradition in this country that citizens could use either version of their name – Irish or English – with the State .
(trg)="73"> Bhí nós seanbhunaithe sa tír seo gur ceadmhach don saoránach ceachtar leagan – Gaeilge nó Béarla – dá n-ainm agus sloinne a úsáid leis an státchóras .

(src)="74"> Historically , it was often the case that an English version of a name was on a birth certificate but an Irish version was used on a daily basis on a passport , driving licence , for tax and social welfare purposes etc .
(trg)="74"> Go stairiúil , ba mhinic leagan Béarla d ’ ainm agus sloinne a bheith ar theastas breithe ach leagan Gaeilge a bheith in úsáid ar bhonn laethúil ar phas , ceadúnas tiomána , do chúrsaí cánach agus leasa shóisialaigh & rl .

(src)="75"> For security reasons this is changing now , and it is expected , for the most part , that there be proof of usage for two years before a different version of one ’ s name may be used on state documents that is different to that on a birth certificate .
(trg)="75"> De bharr cúrsaí slándála , tá athrú ag teacht ar an gcás seo anois , agus bítear ag súil le cruthúnas úsáide ar feadh tréimhse dhá bhliain den chuid is mó sula ceadmhach leagan eile seachas an leagan ar an teastas breithe a úsáid ar cháipéisí stáit .

(src)="76"> It is important to ensure that an appropriate system is put in place which allows the citizen to use whichever version he / she prefers with the State , while also ensuring there are no security concerns .
(trg)="76"> Ní mór a chinntiú go gcuirtear córas cuí in áit a chinntíonn gur ceadmhach don saoránach an leagan is rogha leis nó léi a úsáid leis an Stát , ach a chinntíonn nach bhfuil aon bhaol slándála ann .

(src)="77"> As regards the issue of addresses , more often than not registration or contact is made with the State through an online system and very often an address is sought through a menu system where addresses are pre-set in one language only .
(trg)="77"> Maidir le ceist na seoltaí , is minice ná a mhalairt a dhéantar clárú nó teagmháil leis an Stát trí chóras ar líne , agus go minic lorgaítear seoltaí trí chóras roghchláir , ar a bhfuil na seoltaí réamhshocraithe i dteanga amháin .

(src)="78"> Citizens should be entitled to use either the Irish or English version of their address depending on preference .
(trg)="78"> Ba cheart go dtabharfaí rogha don saoránach an leagan Gaeilge nó Béarla den seoladh a úsáid de réir a rogha féin .

(src)="79"> It must be ensured that computer systems operated by the State can deal with this issue appropriately and with the síneadh fada to ensure that names and addresses are accurate .
(trg)="79"> Caithfear a chinntiú go bhfuil ar chumas chórais ríomhairí an Stáit plé leis an gceist seo agus le síntí fada mar ba chóir , le cinntiú go bhfuil ainmneacha agus seoltaí cruinn .

(src)="80"> In one instance last year a local authority informed my Office that it didn ’ t intend to change its protocol for registration of names in spite of the fact it couldn ’ t create a space between both elements of the surname of the complainant : ‘ ÓDomhnaill ’ was being registered rather than ‘ Ó Domhnaill ’ on the voting cards in this authority for example and ‘ NíShe ’ instead of ‘ Ní Shé ’ .
(trg)="80"> I gcás amháin anuraidh , chuir údarás áitiúil in iúl do m ’ Oifig nach raibh i gceist aige an prótacal do chlárú ainmneacha a athrú , in ainneoin nach raibh ar a chumas spás a chur idir an dá eilimint de shloinne an ghearánaigh : ‘ ÓDomhnaill ’ a bhí á chlárú in ionad ‘ Ó Domhnaill ’ ar chártaí toghchánaíochta sa Chomhairle seo , mar shampla , agus ‘ NíShe ’ seachas ‘ Ní Shé ’ .

(src)="81"> Whilst this was unacceptable to this Office the local authority refused to rectify the situation as there was no statutory obligation relating to the matter .
(trg)="81"> Cé nach raibh a leithéid inghlactha don Oifig seo dhiúltaigh an t-údarás áitiúil an scéal a chur ina cheart , toisc nach raibh aon dualgas reachtúil ina leith .

(src)="82"> I would expect that the recommendation made to amend the legislation insofar as it relates to names and address should resolve these difficulties that are occurring on a daily basis .
(trg)="82"> Bheinn ag súil go réiteodh an leasú atá molta ar an reachtaíocht i dtaca le hainmneacha agus seoltaí na deacrachtaí seo atá ag eascairt ar bhonn laethúil .

(src)="83"> Last year ’ s Annual Report made reference to the difficulty that arises quite regularly relating to the use of machine translation to provide an official translation on signage and correspondence .
(trg)="83"> Luadh sa Tuarascáil seo anuraidh an deacracht atá ag eascairt ar bhonn leanúnach i dtaca le húsáid córas meaisínaistriúcháin le haistriúcháin oifigiúla a sholáthar ar chomharthaíocht agus ar chomhfhreagras .

(src)="84"> As part of the audit programme undertaken by the Office in 2014 it was decided to investigate the usage of recorded announcements by local authorities .
(trg)="84"> Mar chuid de chlár iniúchta na hOifige don bhliain 2014 , socraíodh iniúchadh a dhéanamh ar úsáid na dteangacha oifigiúla ar fhógairtí taifeadta atá in úsáid ag na húdaráis áitiúla .

(src)="85"> The aim of the audit was to reach a general opinion regarding the level of compliance with the Regulations by local authorities .
(trg)="85"> Bhí sé mar chuspóir ag an iniúchadh seo teacht ar thuairim ghinearálta maidir le leibhéal géilliúlachta na n-údarás áitiúil do na Rialacháin .

(src)="86"> Phone calls were made at different times to the main offices of local authorities , during work hours and after work hours , as well as calls to Housing Departments and Libraries after normal work hours .
(trg)="86"> Ag amanna éagsúla , cuireadh glaonna teileafóin ar phríomhoifigí na n-údarás , le linn gnáthuaireanta oibre agus tar éis gnáthuaireanta oibre na n-oifigí , chomh maith le glaonna ar na Rannóga Tithíochta agus ar na Leabharlanna tar éis gnáthuaireanta oibre .

(src)="87"> Donegal and Laois County Councils were the only authorities that were using recorded oral announcements which were in compliance with the Regulations .
(trg)="87"> Ba iad Comhairlí Contae Dhún na nGall agus Laoise amháin a bhí ag baint úsáid as fógairtí taifeadta béil agus a bhí iomlán géilliúil do na Rialacháin .

(src)="88"> We are in contact with the local authorities whose recorded oral announcements weren ’ t compliant to ensure that they are compliant within a reasonable period of time .
(trg)="88"> Táimid i mbun cumarsáide leis na húdaráis áitiúla nach raibh a gcuid fógairtí taifeadta béil géilliúil chun a chinntiú go mbeidh siad géilliúil taobh istigh d ’ achar réasúnach ama .

(src)="89"> Their progress will be reviewed during 2015 .
(trg)="89"> Déanfar athbhreithniú ar an dul chun cinn sin i rith 2015 .

(src)="90"> COMMUNICATIONS
(trg)="90"> CUMARSÁID

(src)="91"> One of the aspects I have enjoyed most since being appointed in the role is the opportunity to meet Irish speakers from all parts of the country .
(trg)="91"> Ceann de na nithe is mó ar bhain mé taitneamh as ó ceapadh mé sa ról seo ná an deis castáil le lucht labhartha na Gaeilge ó cheann ceann na tíre .

(src)="92"> I have given orations about the language rights of citizens in Dún Chaoin , Castlebar , An Spidéal and at Oireachtas na Gaeilge in Killarney amongst other places .
(trg)="92"> Thug mé óráidí faoi chearta teanga an tsaoránaigh i nDún Chaoin , Caisleán an Bharraigh , an Spidéal agus ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne i measc áiteanna eile .

(src)="93"> I spoke regularly to groups of students at events organised by Conradh na Gaeilge and the Union of Students in Ireland also .
(trg)="93"> Rinne mé píosaí cainte go rialta le grúpaí mac léinn ag ócáidí a bhí eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus ag Aontas Mac Léinn na hÉireann chomh maith .

(src)="94"> The number of people who attended these events raised my spirits , as did the interest and understanding people had regarding language rights and the demand that those rights be strengthened .
(trg)="94"> Tugann sé ardú meanman dom líon na ndaoine a tháinig chuig na hócáidí sin ar fad , an spéis agus an tuiscint a bhí ag daoine maidir lena gcuid cearta teanga agus an t-éileamh atá ann i measc an phobail go neartófaí na cearta sin .

(src)="95"> I did scores of interviews in Irish and in English with the media since beginning in this role .
(trg)="95"> Rinne mé na scórtha agallamh i nGaeilge agus i mBéarla leis na meáin chumarsáide ó thosaigh mé sa phost .

(src)="96"> I ’ d like to thank the media for their courtesy and professionalism .
(trg)="96"> Gabhaim buíochas le lucht na meán as a gcuid cúirtéise agus gairmiúlachta .

(src)="97"> I must say that it ’ s very different , and still a bit strange , answering questions as Coimisinéir Teanga rather than asking the questions as a journalist as I once did !
(trg)="97"> Caithfidh mé a rá go bhfuil sé an-difriúil , agus fós beagán aisteach , a bheith ag freagairt ceisteanna mar Choimisinéir Teanga seachas a bheith ag cur ceisteanna i mo ról mar iriseoir roimhe seo !

(src)="98"> I also began a series of meetings with the Secretaries General of Government Departments .
(trg)="98"> Chuir mé tús chomh maith le sraith cruinnithe le hArd-Rúnaithe na Ranna Rialtais .

(src)="99"> The aim of these meetings is to give a brief synopsis of the obligations on public bodies under the Official Languages Act , to introduce myself personally as the newly appointed Coimisinéir Teanga and to get their view on the usage of Irish in the state system .
(trg)="99"> An aidhm atá leis na cruinnithe sin ná léargas gonta a thabhairt ar na dualgais atá ar chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla , mé féin a chur in aithne go pearsanta mar Choimisinéir Teanga nuacheaptha agus chun a léargas siúd a fháil ar úsáid na Gaeilge sa státchóras .

(src)="100"> I attended the annual conference of the International Association of Language Commissioners which took place in Barcelona in March 2014 .
(trg)="100"> I mí an Mhárta 2014 d ’ fhreastail mé ar chomhdháil bhliantúil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga a bhí ar siúl in Barcelona .